Thursday, 25th April 2024

Review – An Sagart

Sheol an Taoiseach, An tUasal Parthalán Ó hEachthairn T.D., From Ráth Maoláin to Rome sna Seomraí seodacha Stáit, i gCaisleán galánta Bhaile Átha Cliatha, i gcomhluadar a bhí breactha le mór-uaisle na tíre idir tuath agus cléir, ar an 21ú lá de Mhí na Samhna, 2007. B’é Coláiste na nGael sa Róimh a d’fhoilsigh tuairisc Uí Chianáin, arna chur in eagar ag Nollaig Ó Muraíle, ag ceiliúradh cothrom ceithre chéad bliain d’Imeacht na nIarlaí. Le linn a chuid cainte thagair an Taoiseach don íoróin a bhain leis an Ró-Oirmhinneach Seán Ó Brádaigh, Ardeaspag Ard Mhacha, a bheith i láthair ag an seoladh, agus mar a raibh sé ag dul go dtí an Róimh (mar a dhein na hIarlaí 400 bliain roimhe), an mhaidin dár gcionn, ní chun éalú ó dheacrachtaí polaitiúla na hÉireann, ach chun glacadh le cuireadh an Phápa Benedict XVI bheith ina chairdinéal. Bhí an t-Ard-Aighne agus Runaí an Rialtais i láthair chomh maith. Is fiú a lua, in ainneoin an fheabhais atá tagtha ar chúrsaí taistil le ceithre chéad bliain anuas, go raibh carn cóipeanna den seoid scríobhinne seo i sáinn toisc stailc leoraithe sa bhFrainc! Seoladh gan leabhar! Gealladh go seolfaí an leabhar chuig éinne a ordódh ceann ar an oíche (ar locáiste 33%). Éinne a raibh sé d’ádh air cóip den leabhar bheith ina láimh aige ag an seoladh, bhí sé in ann comparáid a dhéanamh idir pictiúr cáiliúl Thomáis Uí Riain ar Imeacht na nIarlaí, atá ar crochadh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, agus an griangraf de atá ag maisiú clúdach an leabhair.

Leabhar léannta do scoláirí atá curtha in eagar go slachtmhar ag Nollaig Ó Muraíle. Cuireann sé focail Thaidhg Uí Chianáin díreach os ár gcomhar: focail (38,000 díobh!) a insíonn ceann de na scéalta is mó agus is ainnise den tréimhse sin. Na taoisigh Ultaigh dheireannacha ag imeacht ó bhaile, ag dul thar sáile ar thóir chabhair na Spáinne, na Fraince agus na Róimhe. Scéal iontais, le féastaí agus fáiltí. Ach scéal diúltaithe agus díomá chomh maith. Ar deireadh, b’é an bás, ní athfhás a gcuid cumhachta ag baile, a bhí i ndán d’Ó Néill agus d’Ó Domhnaill sa Róimh. Taobh le cuntas bríomhar Uí Chianáin, tá aistriúcháin breá i mBéarla ag an eagarthóir. Mar sin, níl aon leithscéal ag éinne anois gan insint Thaidhg a léamh.

Tá réamhfhocal buíochais ag reachtaire Choláiste na nGael, Liam Bergin, agus díonbhrollach eolasach ag an Ollamh Mícheál Mac Craith. Is ábhar spéise go speisialta dó mar ar úsáid Tadhg focail mar naisión agus Éireannach (an chéad uair, is cosúil, a úsáideadh iad) a thugann le tuiscint go raibh sé ag iarraidh éalú ón gcoimhlint a bhain le focail mar Gael, Sean-Ghall, agus is léir gur cúis bhróid do Mhac Craith (Proinsiasánach é fhéin) go raibh tionchar Proinsiasánach ar Ó Cianáin. Tá réamhrá léannta ina gcuireann Ó Muraíle a choincheapanna féin maidir le húdar an chuntais os ár gcomhair. Dar leis, ní scríobhaí símplí Ó Cianáin a bhreac síos go soineanta ina chín lae gach a bhfaca agus a chuala sé ar a thuras ó Ráth Mhaoláin go dtí an Róimh, ach scríobhneoir cliste a chothaigh íomhá uasal a bhí rómánsúil agus tarraingtheach de na hIarlaí mar Chaitlicigh cháiliúla chumhachtacha.

Tá téacs Thaidhg agus aistriúchán an Eagarthóra taobh lena chéile: Gaolainn ar chlé, Béarla ar dheis. Leanann tráchtaireacht Thomáis Uí Fhiaich le nótaí ar scríobh Pól Breathnach a bhformhór (aistrithe go Béarla ag Nollaig Ó Muraíle). Ar chúl an leabhair tá ábhair eolais inspéise, m.sh.: rogha focal a tugadh isteach sa Ghaolainn ó theangacha eile, dhá liosta den ngrúpa taistil, Maith an Lucht Aonluinge, réamhrá Phóil Bhreathnaigh Flight of the Earls 1975, innéacs áitainmneacha – leaganacha Uí Chianáin agus foirmeacha foirmiúla, agus achoimre dátaí agus eachtraí.

Mar fhocal scoir, bhíos sa Róimh le grúpa oilithreach óm’ pharóiste (Port Lách) agus mé ag cur críche ar an gcur síos gairid seo, agus bhaineas úsáid as cuntas Uí Chianáin mar guida agus sinn ag tabhairt cuairte ar áiteanna mar Santa Croce in Gerusalemma, San Pietro, Assisi, i gcatacombi, San Pietro in Montorio agus eile: B’iontach an treoraí Tadhg, fiú ceithre chéad bliain i ndiaidh a bháis! Tráth nuair a bhíos ag breathnú go géar ar shúile suaite agus ar lámha síor-ghníomhacha dainséaracha an ghadaí ar bhus seasca ceathar na Vatacáine, rith íomhá chugham d’uafás thuras na dtaoiseach, nuair a shleamhnaigh capall an airgid síos i ngleann doimhin i lár na nAlp agus mar ar cailleadh a maoin ar fad nach mór. A Thaidhg, táimíd buíoch díot as ucht eachtra imeacht na nIarlaí a choiméad beo dúinn, agus táimíd go mór faoi chomaoin ag Nollaig Ó Muraíle as ucht an ghaisce atá déanta aige ag cur an bhun-téacsa ar fáil dúinn. Molaim go hárd é.

An tAthair E. Haiséad, An Sagart  Iml. 52 Uimhr 1 Earrach 2009